8ú Feabhra, 2011
Tá an Ghaeilge go maith don eacnamaíocht
‘Ní dhéanann polasaí Fine Gael faoin nGaeilge ciall ar bith ó thaobh
na heacnamaíochta, mar is féidir fostaíocht a chaomhnú agus a chruthú
ar bheagán costas ach tacaíocht a thabhairt dár dteanga náisiúnta’, a
deir Trevor Ó Clochartaigh, iarrthóir Sinn Féin san olltoghchán i
nGaillimh Thiar.
Is iad Sinn Féin an t-aon pháirtí sa tír atá dáiríre faoi fás agus
forbairt na Gaeilge dar leis agus tá siad ag iarraidh go gcuirfí na
moltaí sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm seachas a bheith
ag caint fúthu. ‘Tá Enda Kenny ag moladh athbhreithniú eile anois, sin
a bhí ar bun ag Fianna Fáil, na PD’s agus an Comhaontas Glas ó 1999 le
Coimisiún na Gaeltachta, an Staidéar Teangeolaíoch, Ráiteas an Rialtas
agus anois an Straitéis. Tá gníomh seachas caint fholamh ag teastáil
má tá muid chun dul chun cinn le déanamh’, a deir Ó Clochartaigh.
Is fiú an gníomh a dhéanamh freisin, deir sé, mar cuirfidh sé leis an
eacnamaíocht agus cruthóidh sé jabanna. ‘Léirigh staidéar a rinneadh
Gaillimh le Gaeilge anuraidh gur fiú €136m don gheilleagar áitiúil í
an Ghaeilge agus go bhfuil 5,000 post mar thoradh air seo,’ dar leis.
‘Tá tionscail thábhachtacha ar nós na Coláistí Samhradh, na meáin,
oideachas agus turasóireacht ag cur borradh faoin eacnamaíocht Gaeilge & Gaeltachta agus ag cruthú poist riachtanacha. Tá tuilleadh deiseanna
forbartha ann ach an toil pholaitiúil a bheith ann chun tabhairt
fúthu,’ deir sé.
Ba chóir freisin, dar leis, tacú leis na h-iarrachtaí chun stádas mar
chathair dhátheangach a bhaint amach do Ghaillimh agus ansin
d’fhéadfaí a mhacasamhail a dhéanamh i mbailte eile timpeall na tíre.
‘Is deis margaíochta iontach í an Ghaeilge chun éagsúlacht na hÉireann
ó thaobh scileanna, cultúr, teanga agus dearcadh pobail a léiriú don
phobal idirnáisiúnta’, a deir Ó Clochartaigh.
‘Maidir leis an Lucht Oibre, an príomhpholasaí a bhí acu sin le roinnt
blianta ná simpliú a dhéanamh ar an teanga, mar a rinneadh leis an
Eabhrais (Hebrew). Ní léiriú ró-mhaith é sin ar riachtanais phobal na
Gaeilge & na Gaeltachta’, dar le Ó Clochartaigh. Ach dearbhaíonn vóta
do Sinn Féin, vóta don Ghaeilge & don Ghaeltacht, deir sé.
Críoch |
|
2 Feabhra, 2011
Ba chóir d'iarrthóirí san olltoghchán deimhniu go gcasfar siar
ciorruithe oideachais
Ba chóir do gach iarrthóir atá ag seasamh san olltoghchán deimhniú go
dtarraingeoidh siad siar an cinneadh a rinne Máire Ní Chochláin mar
Aire Oideachais chun deireadh a chuir le Comhordaitheoirí Tuaithe
DEIS, má bhíonn siad sa chéad Rialtas eile, dar le hiarrthoir Sinn
Féin san olltoghchán i nGaillimh Thiar, Trevor Ó Clochartaigh.
Má chuirtear deireadh leis na poist seo caithfear blianta fada d'obair
chrua i dtraipisí. fágfar gasúir óga atá i mbaol titim as an gcóras
oideachais gan tacaíocht riachtanach agus beidh muid ag cruthu
fadhbanna sóisialta a bheidh i bhfad níos costasaí le ceartú sna
blianta atá amach romhainn. Is sábháil gearrthréimhseach atá anseo, a
mbeidh impleachtaí tubaisteacha fadtéarmacha aige má leantar ar
aghaidh leis.
Is ionsaí eile é seo ar chúrsaí tuaithe agus oideachas, deir sé.
Léiríonn sé an meon a bhionn ag príomhpháirtithe polaitíochta na tíre
seo, go ndéantar leatrom ar an dream is laige agus is leochailaí sa
bpobal nuair a bhíonn géarchéim ann. Is iad Sinn Féin an t-aon pháírtí
atá sásta seasamh láidir a thógáil chun na ciorruithe éagórach a
rinneadh sa mBille Airgeadais a iompú ar ais, chun brú a chuir orthu
siúd atá in acmhainn íoc, níos mó a chuir ar fáil agus gan a bheith ag
baint airgead de dhream nach bhfuil ábalta chuige.
Críoch
|