Sinn Féin-Trevor O Clochartaigh
Baile Polasaithe Preasráiteas Deonacháin Teagmháil
Trevor O Clochartaigh
FacebookLean muid ar Twitter
Trevor Ó Clochartaigh

Is fear gníomh é Trevor, a bhfuil taithí leathan aige i gcúrsaí pobail, sna meáin chumarsáide agus sna healaíona. Tá sé pósta le Mali, le ceathrar clainne agus duine eile ar an mbealach! Is as Cárna ó dhúchas é. Rugadh agus tógadh i Sasana é, de shliocht Chonamara. D’fhreastail sé ar an ollscoil i nGaillimh, áit ar bhain sé Céim Thráchtála amach. Bhí sé ina bhunaitheoir ar an gcomplacht drámaíochta Na Fánaithe, mar bhainisteoir & stiúrthóir ealaíona ar an Taibhdhearc agus mar stiúrthóir & léiritheoir le ‘Ros na Rún’ & ‘Fair City’. D’oibrigh sé i gcúrsaí pobail ar feadh roinnt blianta le Comhairle Ceantar na nOileán & Cumas/MFG.
Le linn an ama sin bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Cúram Leanaí na Gaillimhe, ina bhall de Bhord Fiontar an Chontae, agus Bealach – an Pháirtíocht Taisteal Tuaithe. Tá baint aige le Coiste Pobail na Ceathrún Rua & ceannródaíoch i bhforbairt Comharchumann Mhic Dara, Naíonra/Naíolann & clós spraoi ar an mbaile sin. Le bliain anuas bhí sé lárnach i mbunú agus forbairt an nuachtán seachtainiúil, Gaelscéal. Tá sé ag seasamh siar ó na dualgais sin ar fad anois, chun díriú go hiomlán ar an olltoghchán agus ar an pholaitíocht.  Bhí sé mar iarrthóir ag Sinn Féin sna toghcháin áitiúla i gConamara i 2009.

 

 

 

 

Leagan Béarla Bígí Linn Toghcháin 2011 Faoi Sinn Féin Naisc Nuacht Blag
Click here for English Version