Sinn Féin-Trevor O Clochartaigh
Baile Polasaithe Preasráiteas Deonacháin Teagmháil

Tá ár lá tagtha!

Tá gá le hathrú i réimeas polaitíochta na tíre seo. Is iad Sinn Féin i ndáiríre atá ag tabhairt an t-aon rogha éagsúil ó thaobh polasaí, dearcadh agus cur chuige polaitiúil do mhuintir na hÉireann san olltoghchán seo. Tá muid díolta amach ag an Rialtas atá againn agus an eacnamaíocht millte acu. Tá gá le seasamh láidir a thógáil ar cheisteanna eacnamaíoch agus buiséid. Caithfear postanna a chruthú agus fostaíocht a chur ar fáil do chosmhuintir na tíre trí leas a bhaint as ár gcultúr, oidhreacht agus acmhainní nádúrtha.

Caithfidh muid mar thír ár gcuid tosaíochtaí féin a leagan síos ó thaobh sláinte, oideachas agus leasa shóisialaigh de. Caithfear cothrom na féinne a thabhairt do gach duine sa tír, ní hiad siúd atá sna ciorcail órga amháin. Caithfear cúl a thabhairt leis an ngaimbíneachas agus gníomhú chun saibhreas na tíre a chaitheamh mar is ceart chun deis a thabhairt do dhaoine ár gcuid scoileanna agus ospidéil a fheabhsú, rud a chruthóidh fostaíocht áitiúil, seasmhach.

Caithfidh muid an cháin a bhaint dóibh siúd atá ábalta níos mó a íoc, seachas díriú ar dhaoine atá ag streachailt ar ioncam íseal, íocaíochtaí laghdaithe leasa shóisialaigh, morgáistí móra, costais bhreise oideachais agus seirbhísí poiblí níos daoire.

Caithfidh muid deireadh a chuir leis an meon atá ag iarraidh príobháidiú a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte, leictreachais agus uisce na tíre, an meon céanna a bhí taobh thiar den ‘Tíogar Ceilteach’ agus a d’fhág muid an chaoi a bhfuil muid.

Caithfidh muid deimhniú chomh maith go dtagann luach saothar mar is cóir chugainn ón ngás, ola, gaoth, tonnta agus acmhainní nádúrtha eile atá againn.

Vóta Trevor O Clochartaigh

Caithfear seasamh láidir a thógáil chun an scrios atá déanta ar fheirmeoireacht agus iascaireacht sa tír seo a leigheas. Is féidir brath ar Shinn Féin chuige sin.Caithfidh muid a bheith dearfach agus gníomhach ar chúrsaí Gaeilge & Gaeltachta. Sinn Féin an páirtí is fearr chuige sin. Caithfear aitheantas ár dteanga oifigiúil a chaomhnú agus a neartú agus na deiseanna fostaíochta agus forbartha a ghabhann léi a thapú.

Tá Ceannasaíocht ag teastáil. Tabharfaidh Sinn Féin é sin. Tá sé léirithe againn go soiléir go bhfuil muid láidir, ach cothrom ó thaobh idirbheartaíochta de. Tá muid i Rialtas ó Thuaidh, rud nach bhfuil éasca i gcónaí, ach dul chun cinn iontach déanta againn ó thaobh síochána pobail & athaontú na tíre di.

Bhí muid ceart ó thaobh an geilleagar de nuair a mhol muid gur chóir banc amháin a náisiúnú agus ligean le Anglo Irish. Bhí muid ceart ó thaobh Liospóin de go mbeadh cur isteach níos mó ag an Eoraip ar ghnóthaí na tíre. Tá muid ceart gur féidir linn teacht amach as an tsáinn ina bhfuil muid ach polaiteoirí neamhbhalbh, misniúil a thoghadh a ghlacfaidh cinntí cothrom agus ceart chun todhchaí níos gile a chinntiú dár gclanna agus muintir na tíre ar fad.

Tá Sinn Féin & Trevor Ó Clochartaigh sásta an fód a sheasamh. An bhfuil tusa sásta do chuid féin a dhéanamh agus Vóta uimhir a hAon a thabhairt dúinn chun léiriú do na páirtithe eile, go bhfuil bealach níos fearr ann, nach gcuirfidh tú suas leis an chaimiléireacht, saint agus bréaga níos mó? Tá an chumhacht i do lámha sa. Tá ar do chumas polaitíocht na tíre seo a athrú ar fad. Is fútsa atá sé, agus fúinne ansin. Tá ár lá tagtha.

Leagan Béarla
Bígí Linn
Toghcháin 2011
Faoi Sinn Féin
Naisc
Nuacht
Blag
Click here for English Version